Bosca uirlisíI dteangacha eile
|
Vega (réalta)
Méid Vega (ar chlé) i gcomparáid le méid na Gréine (ar dheis).
Is í Vega (nó Alpha Lyrae, α Lyr) an réalta is gile i réaltbhuíon na Líre. Tá sí ar an gcúigiú réalta is gile ar an spéir, agus ar an dara ceann is gile ar spéir oíche an Tuaiscirt, nó is é Arcturus an ceann is gile. Is minic a fheictear in aice an fhorair í i meán-domhanleithead an Tuaiscirt, agus an samhradh ann. Níl Vega i bhfad ar shiúl uainn, nó níl sí ach faoi 25.3 solasbhliain dínn. In éineacht le Sirius agus Arcturus, tá sí ar réaltaí geala ár gcomharsanachta sa réaltra seo. Ceann de reanna Thriantán an tSamhraidh atá ann, in éineacht le hAltair i réaltbhuíon an Iolair agus le Deneb i réaltbhuíon na hEala. Is réaltlach é Triantán an tSamhraidh atá an-so-aitheanta ar spéir an Tuaiscirt, ó nach bhfuil mórán réaltaí geala ina chóngar. Baineann Vega leis an aicme speictreach A0V, agus í beagáinín níos teo ná Sirius, atá san aicme A1V. Réalta de chuid an phríomhsheichimh atá ann, agus í ag comhleá hidrigin go héiliam. Ós rud é go bhfuil Vega chomh te sin, is dócha nach mbeidh sí leath chomh fadsaolach ná na réaltaí níos fuaire ná í, ar nós ár nGréine féin. Tá dhá uair go leith níos mó maise i Vega ná sa Ghrian, ach tá sí á dó caoga uair níos fuinniúla. De thoradh an fheiniméin ar a dtugtar an luainíocht, tiocfaidh Vega in áit Stella Polaris mar réalta pholach, de réir a chéile. Thart ar an mbliain 14,000 i ndiaidh bhreith Chríosta, beidh Vega ina réalta pholach ar spéir an tuaiscirt.
[athraigh] Sonraí breathnóireachta, achoimre(aga: J2000) Réaltbhuíon: An Lír/Lyra Ceartairde: 18h 36m 56.3s Diallas: +38° 47' 01" Méid dhealraitheach (V): 0.03 [athraigh] Saintréithre na réalta féinAicme speictreach: A0 V Dathinnéacs B-V: 0.00 Dathinnéacs U-B: -0.01 Réalta athraitheach den chineál Delta Scuti [athraigh] Saintréithre réaltmhéadrachtaTreoluas gathach (Rv): -13.5 km/s Dualghluaisne (μ):
Saobhdhiallas (π): 129.01 ± 0.52 milleashoicind stua Fad ón nGrian: 25.27 solasbhliain (7.751 parsoic) Dearbhmhéid (MV): 0.58 [athraigh] MionsonraíMaise: mais na Gréine méadaithe faoi 2.6 Ga: ga na Gréine méadaithe faoi 3.1 Lonrachas: lonrachas na Gréine méadaithe faoi 51 Teocht: 9,300 K Miotalacht: 63% Rothlú: níl a fhios againn Aois: 3.5 × 108 bliain [athraigh] Sonrúcháin eileAlpha Lyra, α Lyra, 3 Lyr, GJ 721, HR 7001, BD +38°32
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
|