Bosca uirlisíI dteangacha eile
|
The Simpsons
Is é The Simpsons an tsraith teilifíse bheoite Mheiriceánach is fadsaolaí. Baineann sé le saol na Simpsons, teaghlach Meiriceánach a chónaíonn i Springfield, baile sna Stáit Aontaithe. Craoladh an chéad eipeasóid ar 17 Nollaig 1989 ar ghréasán Fox. Ó shin, tá breis agus 400 eipeasóid craolta. Meastar gurb é The Simpsons ceann de na sraitheanna is rathúla le stair na teilifíse. Tá clú air as ucht a stíle ealaíonta uathúla: bíonn craiceann buí agus súile móra ar na carachtair, agus ceithre méar ar a lámha.
[athraigh] PlotaCúigear atá i dteaghlach na Simpsons i Homer, a bhean chéile Marge, agus a gclann Bart, Lisa agus Maggie. Tá cónaí orthú ag 742 Evergreen Terrace i mbaile Springfield i SAM (ní cosúil cén stát). [athraigh] Príomhcharachtair[athraigh] Muintir Shimpson
[athraigh] Gaoil leis na Simpsons
[athraigh] Stair
Ceist léamhthuiscine as scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh, (Bonnleibhéal, 2000): tá The Simpsons an-tábhachtach sa phopchultúr ar fud an Domhain, go háirithe leis an aos óg.
Cruthaíodh é ag Matt Groening i 1987 nuair a iarradh air sraith chartún gearr a scríobh do The Tracy Ullman Show, le craoladh ag tús agus deireadh na sosanna fógraí. Mhúnlaigh Groening na carachtair ar a mhuintir féin. Craoladh an chéad chartún ar 19 Aibreán 1987. Rinneadh 48 gceann de na cartúin seo san iomlán. I 1989, choimisiúnaigh Fox séasúr de trí heipeasóid déag, ar mhair gach ceann acu leathuair an chloig. Craoladh an chéad eipeasóid, Simpsons Roasting on an Open Fire, ar 17 Nollaig 1989. Bhí sé rathúil láithreach bonn. B'aoir é ar shaol an lae inniu sna Stáit Aontaithe, agus é mar fhritéis don sitcom teaghlaigh tipiciúil Meiriceánach. [athraigh] Naisc sheachtracha
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
|
||||||||||||||||||||||||