Bosca uirlisíI dteangacha eile
|
Ollainnis
Teanga Gearmáinice Iartharach is ea í an Ollainnis, nó an Ísiltíris ( Mar oidhreacht choilíneach, tá stádas oifigiúil ag an Ollainnis in Aintillí na hÍsiltíre, in Aruba, agus i Suranam. Is mar theanga iasachta is mó a shaothraítear an Ollainnis sna tíortha seo. Tá gaol réasúnta dlúth ag an Ollainnis leis an nGearmáinis, go háirithe leis an Íseal-Ghearmáinis, is é sin, canúint thraidisiúnta Thuaisceart na Gearmáine. Tá gramadach na hOllainnise níos simplí ná gramadach na Gearmáinise, áfach, nó tá an difríocht idir an bhaininscne agus an fhirinscne beagnach imithe san Ollainnis. Dutch a thugtar ar an Ollainnis as Béarla, ainm atá an-chosúil le hainm na Gearmáinise sa Ghearmáinis féin - Deutsch. (Is é is bunbhrí leis an bhfocal ná "teanga na cosmhuintire", is é sin, caint na ndaoine - le hí a scaradh ón Laidin, teanga na naomh is na n-ollamh.) Bhí na hOllannaigh ag tabhairt an ainm chéanna - diets nó duutsch - ar a dteanga féin sna Meánaoiseanna, agus le fírinne, níor aithin siad ach de réir a chéile gur dhá theanga éagsúla a bhí i gceist leis an nGearmáinis agus leis an Ollainnis. Tugtar Sean-Ollainnis ar an gcineál Ollainnise a bhí á labhairt taobh istigh de chríocha na hOllainne agus na Beilge i dtús na Meánaoiseanna. Níl ach iarsmaí scaipthe fágtha den leagan seo den teanga. Ón 12ú go dtí an 16ú haois, bhí leaganacha éagsúla den teanga á scríobh i gcúigí éagsúla, agus iad faoi thionchar na gcanúintí réigiúnda. Thosaigh caighdeánú na teanga sa chúigiú haois déag, agus sa bhliain 1618 a tháinig an chéad Bhíobla amach sa teanga.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||