Bosca uirlisíI dteangacha eile
|
FicheallIs cluiche boird í an fhicheall, agus í ceaptha do bheirt imreoirí. Is í aidhm an chluiche ná rí an chéile imeartha a mharbhsháinniú. Tá an rí marbhsháinnithe, nuair atá sé faoi ionsaí agus ní féidir leis éalú.
[athraigh] Cur síos ar an gcluicheImrítear an fhicheall ar bhord a bhfuil ceithre cearnóg is trí scór (8 x 8) ann. Tá dath bán nó dubh sna cearnógaí, agus an dath céanna i ngach dara cearnóg. Ag tús an chluiche, tá sé fhear déag ag na himreoirí - ocht gceithearnach, dhá chaiseal, beirt ridirí, beirt easpag, aon bhanríon amháin agus aon rí amháin. Is é imreoir na bhfear bán is túisce a bhogfaidh fear dá chuid i dtús an chluiche. [athraigh] Rialacha na Fichille
Ag tús an chluiche, tá sé fhear bán déag ag imreoir amháin agus an oiread céanna de chinn dhubha ag an imreoir eile. Is le himreoir na bhfear bán an chéad bhogadh i gcónaí. Taispeánann an pictiúr tús an chluiche. Bíonn cearnóg dhubh ar an taobh clé is cóngaraí de na himreoirí i gcónaí. Tosaíonn an bhanríon bhán ar chearnóg bhán agus tosaíonn an bhanríon dhubh ar chearnóg dhubh. Bogann gach fear fichille i slí dhifriúil. [athraigh] An RíIs é an rí an fear is tábhactaí. Cailltear an cluiche nuair a cailltear an rí. Bogann an rí cearnóg amháin i dtreo ar bith (go cothrománach, go hingearach nó ar fiar). Níl cead ag an rí dul go dtí cearnóg atá faoi ionsaí ag fear le dath eile. Tá cearnóg faoi ionsaí más féidir le fear bogadh ann ar an gcéad imirt eile. Má bhogann an rí chun cearnóige ina bhfuil fear eile, tá an fear sin gafa. Má tá cearnóg an rí faoi ionsaí, deirtear go bhfuil an rí "sáinnithe". Muna bhfuil an rí in ann an sáinniú a bhriseadh, tá sé "marbhsháinnithe" agus tá an cluiche thart. Briseadh an sáinniú tar éis:-
[athraigh] An BhanríonBogann an bhanríon i líne dhíreach chomh fada agus is mian léi. Is féidir léi dul i ngach treo (go cothrománach, go hingearach nó fiarthrasna). Ní féidir léi léim thar fhear eile. [athraigh] An CaisealBogann an caiseal i líne dhíreach chomh fada agus is mian leis. Is féidir leis dul go cothrománach nó go hingireach. Ní féidir leis léim thar fhear eile. [athraigh] An t-EaspagIs ar fiar a théann an t-easpag. Ní féidir leis léim thar fhear eile. [athraigh] An RidireSé an ridire an t-aon fear atá in ann léim thar fir eile. Téann an ridire go díreach ón gcearnóg ina bhfuil sé go dtí cearnóg dhá chearnóg i dtreo cothrómánach agus cearnóg amháin i dtreo ingireach, nó go dtí cearnóg dhá chearnóg i dtreo ingireach agus cearnóg amháin i dtreo cothrománach. [athraigh] An CeithearnachNí féidir leis an gceithearnach ach bogadh go dtí an cearnóg ar tosach. Ar a chéad bhogadh, is féidir leis dul dhá chearnóg ar tosach. Ní féidir leis an gceithearnach dul go dtí cearnóg in a bhfuil fear eile agus ní féidir leis léim thar fhear eile. Is ar fiar a ghabhann an ceithearnach. Agus an taobh eile den mbórd bainte amach ag ceithearneach, is féidir banríon, caiseal, ridire nó easpag a dhéanamh de. [athraigh] Gabháil na bhfearMá bhogann an rí, an bhanríon, an caiseal, an ridire nó an t-easpag go dtí cearnóg ina bhfuil fear an imeartha chéile, gabhtar an fear sin. Bogann an ceithearnach go hingearach ach is ar fiar a ghabhann sé. [athraigh] CaisliúMá tá an rí fós ar a phointe imeachta is féidir leis caisliú le chaiseal atá fós ar a phointe imeachra freisin. Bogann an rí dhá chearnóg i dtreo an chaisil agus léimeann an caiseal thar an rí go dtí an cearnóg in aice leis. Rialacha: Ni féidir caisliú
[athraigh] "En passant" (dul thart)Tar éis ceithearnaigh a bhogadh dhá chearnóg, má tá ceithearnach an chéile imeartha ar chearnóg in aice leis, is féidir le ceithearnach an chéile imeartha an ceithearnach a ghabháil ar an gcéad imirt eile. Téann an gabhálaí ar fiar chun colúin an cheithearnaigh eile agus tógtar an ceithearnach eile den mbórd. [athraigh] LeamhsháinniúMás le himreoir an imirt, muna bhfuil rí sáinnithe aige agus muna bhfuil bogadh dlíthiúil aige, deirtear go bhfuil sé "leamhsáinnithe", agus críochnaíonn an cluiche gan bhuaiteoir. [athraigh] ComhscórBíonn an bua ag imreoir tar éis a chéile imeartha a mharbhsháinniú ach is minic a éiríonn imreoir as an gcluiche nuair a cheapann sé nach bhfuil seans aige. Is féidir chluiche a chríochnú mar chomhscór
[athraigh] SamplaíSáinniú
Leamhsháinniú
[athraigh] Imreoirí Cáiliúla[athraigh] An Chraobh DhomhandaNa Curaidh Domhanda (gan agó)
D'fhág Kasparov FIDE sa bhliain 1993 agus chuir sé eagrú fichille nua ar bun, an PCA. Bhí dhá chraobh dhomhanda ó 1993 go dtí gur bhuaigh Kramnik (an curadh clasaiceach) ar Topalov (an curadh FIDE) i gcluiche in Elista,An Rúis, sa bhliain 2006.
Na Curaidh Domhanda FIDE
[athraigh] Imreoirí Cáiliúila Eile
[athraigh] Naisc sheachtracha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||