An Iodáil
Tír mhór i ndeisceart na hEorpa í Poblacht na hIodáile le thart ar 57 milliún duine ina gcónaí inti. Is ballstát den Aontas Eorpach í. Tá cruth buataise ar an leithinis, an chuid is mó den tír, agus is cuid den tír freisin an dá oileán is mó sa Mheánmhuir, an tSicil is an tSairdín. Tá teorainneacha aici leis an Ostair, an Fhrainc, an tSlóivéin, agus an Eilvéis sa tuaisceart. Tá na h-iamhchríocha San Mairíne agus an Vatacáin istigh san Iodáil. Usáideann siad an t-euro. Is í an Róimh príomhchathair na hIodáile.
Is leithinis mhór go príomha le dhá príomh-oileáin, an tSicil agus an tSairdín í. Is í an tsliabh is airde ná Monte Bianco in iarthar na nAlpa. Tá cuid de lochanna is mó sute i dtuaisceart na Iodáile, mar Loch Garda, Loch Como, Loch Maggiore agus Loch Iseo.
Tá an Iodáil deighilte i 20 réigiún (regioni, uatha regione). Tá stádas faoi leith féinrialaitheach ag cúig cinn acu, rianaithe ag an *:
Tá gach réigiún, seachas Valle d'Aosta, roinnte i ndá nó níos mó cúige cúigí.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
|