An Chéad Chogadh Domhanda

Saighdiúirí Éireannacha a bhí ag ligeann a scéilí le linn Cath na Somme, 1 Iúil, 1916
Saighdiúirí Éireannacha a bhí ag ligeann a scéilí le linn Cath na Somme, 1 Iúil, 1916

Coimhlint dhomhanda a mhair ó 1914 go dtí 1918 ab ea an Chéad Chogadh Domhanda, ar a dtugadh an Cogadh Mór chomh maith. An cogadh is mó agus is réabaí riamh a bhí ann ag an am, agus is é an cogadh sin an dara ceann is mó sa stair fós. Go ginearálta throideadh é san Eoraip, d'fhágadh na milliúin marbh agus chruthaigh sé domhain nua.

Bhí an Fhrainc, an Rúis, Impireacht na Breataine agus níos déanaí an Iodáil agus na Stáit Aontaithe i measc na gComhghuaillithe, nó an Entente Triarach. Bhí an bua acu thar na Cumhachtaí Láir, Ostra-Ungáraí, an Ghearmáin, agus an Impireacht Otamánach.

Bhí chuid mhaith den troid ar an Fronta Thiar, i gcóras Trinse (scartha óna chéile le spás móir folamh darbh ainm "latrach an áir" nó "no man's land") ag dul ón bhFarraige Thuaidh go dtí teorainn leis an Eilbhéis. Chuir an méid talamh agus córas traein stop leis na hairm a bheith sáinnithe ar an Fronta Thoir, cé go raibh an troid an méid céanna. Bhí troid freisin san fharraige agus san aer. Fuair naoi miliúin saighdiúir bás ar an láthair chatha, agus fuair milliúin sibhialtach bás freisin.

Thosaigh an cogadh le dúnmharú an Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire sa Seirbia ach d'fhobhair sé ina cogadh domhanda. Chuir an cogadh deireadh le ceithre Impireacht: Ostra-Ungárach, Gearmáin, Otamánach, agus Rúiseach. Chaill an Ghearmáin a thalamh ó thar lear, agus chruthaigh siad stáit nua mar an tSeicislóvaic, an Eastóin, an Fhionlainn, an Laitvia agus an Iúgsláiv, agus i gcás an Pholainn agus an Liotuáin.

Críochnaíodh an Cogadh Mór go h-oifigiúil nuair a shíniú an Conradh Versailles sa bhliain 1919.

Clár ábhair

[athraigh] Cúiseanna an chogaidh

[athraigh] Rás na n-Arm

Deirtear go dtéann cúiseanna an chogaidh siar comh fada le hAontú na Gearmáine sa bhliain 1870 agus athrú i gcothromaíocht na gchumhachtaí. Rinne Bismarck deireadh a chuir le cogaidh tar éis an cogadh leis an Fhrainc. Ach nuair a tháinig Wilhelm i gcumhacht, chaill Bismark a phost, agus rinne an Kaiser iarracht a Impireacht a mhéadú. Chun Weltpolitik a chuir ar bun, bhí air cabhlach a thógáil agus chuir sin an tír i gcomórtas le Sasana (sin an fáth nach ndearna Bismarck é). De bharr seo, thosaigh an bheirt acu ag tógáil long. Sa bhliain 1906, láinseáileadh an HMS Dreadnought, long cogaidh úr nua a chuir gach long eile as feidhm. Chreid an bheirt acu go raibh cumhacht san fharraige an-tábhachtach chun a bheith cumhachtach mar stát. Go ginearálta bhí na Sasanaigh i gcónaí chun tosaigh ar an Ghearmáin agus dá bharr deir Niall Ferguson nach raibh seo cúis ag dul i dtreo cogadh.

[athraigh] Pleananna, neamh-iontaoibh agus slógadh

Bhí plean leis an gcogadh a bhuachaint ag triúr acu ar a laghad - an Fhrainc, an Rúis agus go háirithe an Ghearmáin. Bhí an Plean Schlieffen, simplí go leor; ionsaí an Fhrainc gan seans a thabhairt dó fáil réidh agus ansin casadh go dtí an Rúis. Séard a bhí i bpleann XVII sa Fhrainc ná ionsaí tapaidh sa Ruhr roinn tionsclaíocht na Gearmáine ag chuir an Ghearmáin as an gcogadh. Séard a bhí i bpleann XIX ná slógadh sciopfaidh ag chuir an airm go dtí an teorainn leis an Ostra-Ungáraí agus an Ghearmáin. Chruth na phleananna seo atmaisféar ina raibh na ginearáil ag iarraidh ionsaí fad is a bhí an seans acu.


[athraigh] Míleatachas agus uathlathas

Chuir Uachtaráin Woodrow Wilson as na Stáit Aontaithe agus daoine eile an lucht ar míleatachas. Cheap siad go raibh an cogadh mar iarmhairt don méid cumhacht a bhí ag na daoine sna rang uachtarach. Bhí Wilson ag súil go gcuirfeadh Conradh na Náisiúin agus dá bhfhaigheadh Stáit réidh lena airm go mbeidh síocháin sa domhain.


[athraigh] Impiriúlachas Eacnamaíochta

Cheap Vladimir Lenin go raibh cúis an cogadh ag baint leis an Impiriúlachas domhanda. Mar fianaise d'úsáid sé túairimí Karl Marx agus John A. Hobson, a dúirt níos luaithe go mbeidh cogadh domhanda dá leanfadh an Impiriúlachas. Chuir sé an argóint chun tosaigh go raibh na bainc saibhir taobh thiar de rialtas i Stáit áirithe. An rud faoi an tuairim seo ná cén fáth nach raibh an cogadh idir an Fhrainc agus Sasana. Bhí an bheirt acu ag déanamh a Impire níos mó san Aifric agus san Áis agus do bheag nár thosaigh cogadh i Fashowda. Chun an fírinne a rá thsaigh Impiriúlachas an Ostra-Ungáraí agus an Rúis i dtaobh na Balklan.

[athraigh] Iomaíocht i dtaobh eitneach agus an polaitíocht , sean agus nua

Chreid an domhain go raibh cogadh idir an Ostra-Ungáraí agus Serbia chun teacht pé scéal é (cé nach aontaíonn an staraí AJP Taylor le sin), de bhar go raibh an tír ag titim as a chéile agus fás náisiúnachas sna Balklan. Tharla an fás seo de bharr gur thit an Túirc as a chéile (bhí cogadh sa Libia idir iad féin agus an Iodáil inar chaill siad. Thug an Rúis tacaíocht dóibh toisc go raibh nasc sa reiligiún agus eithneach acu comh maith le iarrachtaí poirt a fháil le uisce te.

An fadhb i gcomhair an Gearmáin ná go raibh sé i lár an Eoraip agus dá bharr easca le ionsaí. Bhí an Fhrainc fós feargach de bharr chailleadh Alsace agus Lorraine sa cogadh idir an Fhrainc agus an Prúis. Ar deireadh rinne An Fhrainc comhghuaillíocht leis an Rúis, bhí rudaí ag éirí dáinséarach don Ghearmáin


[athraigh] An Ghearrchéim mí Iúil

[athraigh] Forogra Cogaidh agus tús an chogaidh

[athraigh] An cogadh féin

[athraigh] An cogadh san aer

[athraigh] An cogadh san fharraige

[athraigh] An cogadh ar talamh

[athraigh] Deireadh an chogaidh

[athraigh] Torthaí

Bhí a lán torthaí ag an gcogadh sin. Thosaigh Reabhlóid na Rúise go gairid ina dhiaidh, agus athraíodh an Eoraip ón bhunús. Sa socrú síochána, cuireadh tús le deich tír nua, agus tógadh a lán talaimh ón Ghearmáin. Cuireadh deireadh le an-chuid monarchaí freisin agus tús leis an iomaí tíortha beaga daonlathacha. Níor éirigh le mórán de na tíortha seo mar gheall ar neamhchobhsaíocht. Thosaigh an Dara Cogadh Domhanda agus Cogadh Cathartha na Spáinne go hindíreach mar thoradh agus scriosadh a lán geilleagair de réir géarchéim sa gheilleagar in a lán tíortha.



Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.




wymiana linkami system wymiany linków wymiana linkami SEO Tools tanie kredyty gotówkowe kreatyna Plaza 3 star hotel Los Angeles krynica noclegi Sejm Tyk